Teicneolaiocht Essays

Roinn na Gaeilge

The mission statement of Blackrock College aims to give students an appreciation of their rich Gaelic heritage as well as a thorough grounding in the Irish language, both spoken and written. Irish is a compulsory subject in the College and the department’s teachers follow the syllabus as laid down by the Department of Education and Skills and prepares its students for the State examinations at Junior and Leaving Certificate levels. Both ordinary and higher levels are available in all years and special emphasis is placed on the spoken language in transition year where 40% of the marks are allotted to the oral examination.

Tá sé mar aidhm ag ráiteas mhisin Choláiste na Carraige Duibhe tuiscint agus meas na ndaltaí ar a n-oidhreacht shaibhir ghaelach a chothú chomh maith le buneolas na teanga, scríofa agus labhartha, a thabhairt dóibh. Is ábhar éigeantach í an Ghaeilge sa Choláiste agus leanann foireann teagaisc na roinne an siollabas oifigiúil mar atá leagtha síos ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Ullmhaíonn siad a gcuid daltaí do scrúdú an Teastais Shóisearaigh agus do scrúdú na hArdteistiméireachta. Is féidir Gaeilge a dhéanamh ag an ngnáthleibhéal nó ag an ardleibhéal i ngach bliain agus cuirtear béim láidir ar an teanga labhartha san idirbhliain ina dháiltear 40% de na marcanna don bhéaltriail.

Blackrock College has a proud and venerable tradition of Gaelic scholarship and counts among its past pupils Pádraig Ó Conaire, Liam Ó Flathartha, Myles na gCopaleen, Éamonn de Buitléar and, of course, Eamon de Valera. Irish, as a core subject, has moved with the times and today the Irish department is a vibrant, busy place using the latest technology and methodologies in its teaching. Our Seachtain na Gaeilge week is a fun-filled, memorable celebration of the first official language and takes place every Spring. Oral practice, now essential as 40% of the Leaving Certificate marks are given to the oral section, takes place throughout the senior cycle and we are justifiably proud of our 100% pass rate in recent years. Book prizes are awarded to the best student in each year and in final year the students can enter the gold medal essay competition Aiste Uí Chonaire.

Tá traidisiún bródúil cásach ag Coláiste na Carraige Duibhe sa scoláireacht ghaelach agus i measc a n-iarrscoláirí tá Pádraig Ó Conaire, Liam Ó Flatharta, Myles na gCopaleen, Éamonn de Buitléar agus dár ndóigh Éamon de Valera. Is croí-ábhar í an Ghaeilge sa Choláiste a choinnigh suas leis an saol thar na blianta agus inniu is áit ghnóthach bheomhar í roinn na Gaeilge. Is roinn í ina bhaintear úsáid as an teicneolaíocht is déanaí agus na módhanna múinte is nua aimseartha ina cuid teagaisc. Gach bliain ceiliúraimid ár gcéad teanga oifigiúil i rith Seachtain na Gaeilge le ceol, craic agus cluichí. Déantar cleachtadh go rialta sa teanga labhartha sa sraith sinsearach, sa chúigiú bliain agus sa séú bliain, rud atá riachtanach faoi láthair mar tugtar 40% de na marcanna san Ardteistiméireacht don bhéaltriail. Táimid bródúil sa Choláiste as an ráta pas 100% sa Ghaeilge le blianta beaga anuas. Ag deireadh na bliana bronntar duaiseanna leabhar don mhacléinn is fearr i ngach bliain agus sa séú bliain is féidir le micléinn páirt a ghlacadh sa chomórtas aiste Aiste Uí Chonaire.

 

Gan aon agó, baineann maitheas agus donas le meáin chumarsáide an lae inniu. Is ábhar é seo atá go mór i mbéal an phobail le fada an lá agus cúis mhaith leis, dar liom. Nuair a smaoiním féin ar na meáin chumarsáide, is iad na focail is mó a thagann i gcuimhne dom ná nuachtáin agus irisí, an raidió, an teilifís agus an t-idirlíon. San aiste seo pléifidh mé na rudaí dearfacha atá le feiceáil sna meáin, ach ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar na rudaí diúltacha atá ann freisin. Labhróidh mé ar dtús faoin maitheas a bhaineann leis na meáin.

Ar ndóigh, is é an meán is uileghabhálaí ar fad ná na meáin leictreonacha. Bímíd i gcónaí ag úsáid ár bhfóin phóca (nó ár bhfóin chliste) chun an nuacht a fháil nó chun caint lenár gcairde ar na meáin shóisialta. Dar liom gur iomaí buntáiste a bhaineann leo ar fad agus ní féidir an domhan a shamhlú gan iad anois. Táimid ábalta aon phíosa eolais ar bith a fháil le brú cnaipe. Cinnte, is mór idir inniu agus inné. Is cuimhin leis an nglúin níos sine na laethanta a d’fhág imircigh an tír, ar an mbád bán, gan chumarsáid ar bith acu lena muintir riamh arís. Sa lá atá inniu ann, áfach, is féidir le daoine fanacht i dteagmháil le clann agus le cairde san Astráil nó in áit ar bith ar domhan a bhuí leis na meáin. Ní áibhéil ar bith a rá go bhfuil an domhan mar shráidbhaile domhanda anois.

Cinnte, tá a lán forbartha tagtha anois nach raibh ann cúpla bliain ó shin. Maidir leis an idirlíon a bunaíodh sna nóchaidí, déanann sé an saol níos éasca dúinn ar fad. Rugadh agus tógadh an ghlúin óg leis na meáin leictreonacha agus ní chuimhin linn anois domhan gan fhón cliste, ríomhairí glúine nó an t-idirlíon. In ionad an raidió a chur ar siúl anois, téimid ar líne chun an nuacht is déanaí a fháil. Gan amhras, fulaingíonn na meáin eile mar gheall ar na meáin leictreonacha.

Éiríonn fadhb leis an mbéas sin, ar an drochuair. In ionad féachaint ar scannáin sa phictiúrlann ná ar an teilifís, is fearr le go leor daoine iad a íoslódáil ón idirlíon ar phraghas i bhfad níos saoire nó úsáid a bhaint as Netflix. Go minic, tá sé seo mídhleathach. Cén maitheas atá i scannáin atá goidte, lá i ndiaidh lae? Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil athrú ag teastáil go géar ann, mar gheall ar na trioblóidí a dhéanann na meáin leictreonacha.

Cruthaíonn na meáin chumarsáide na mílte post, go háirithe anseo in Éirinn, a bhuí le cáin níos ísle ar chomhlachtaí. Tháinig Google, Microsoft agus Intel anseo agus tá jabanna le fáil i dteicneolaíocht na fáisnéise níos minice ná riamh. Cuirim i gcás mo chol ceathrar féin i mBaile Átha Cliath; tá post iontach aige in Intel agus tá sé sona sásta. Ach is minic a bhíonn an fhírinne searbh. Mar gheall ar theicneolaíocht agus na meáin leictreonacha, cailltear na céadta post in Éirinn freisin. Tá níos lú cinniúna maidir leis na siopaí agus na gnólachtaí áitiúla.

Bíonn dhá insint ar gach scéal, áfach, mar is eol dúinn, agus is fíor é sin maidir leis na meáin chumarsáide. Cé go gcuireann na meáin chumarsáide nuacht an domhain ar fáil dúinn le brú cnaipe, mar a dúirt mé cheana, níl aon dabht i m’intinn féin ach go dtéann cuid de na meáin thar fóir ag lorg scéalta, go háirithe maidir leis na daoine cáiliúla. Is maith is cuimhin liom an t-am a bhí Kate Middleton san ospidéal lena céad pháiste agus bhí an domhan ar fad ag iarraidh eolais. Ghlaoigh bean amháin i stáisiún san Astráil ar an ospidéal ag cur i gcéill gur Banríon Éilish a bhí ann. Rinne banaltra botún mar thug sí amach eolas agus go luath ina dhiaidh sin, chuir sí lámh ina bás féin. I gcás eile, nuair a fuair Peaches Geldof bás de bharr drugaí, bhí a hathair Bob cráite le ceisteanna ó na hiriseoirí. Níl sé ceart ná cóir daoine a chrá ar mhaithe le siamsaíocht a chur ar fáil. Is minic freisin a scríobhtar bréaga faoi dhaoine ar na páipéir tablóide, agus mar is eol do chách, is sia a théann an bhréag ná an fhírinne. Tá an domhan i gcónaí ag athrú mar gheall ar na meáin. Is dócha go bhfuil aip nó suíomh idirlíon ar an saol anois nach raibh ann inné. Feicimid go mbeidh jabanna ann i dTF (Teicneolaíocht na Fáisnéise) sa todhchaí, ach ar an lámh eile bíonn jabanna caillte freisin.

Tá an domhan i bhfad níos lú a bhuí leis na meáin chumarsáide ach tá an iomarca eolais le fáil ar dhaoine cáiliúla. Tá gach rud ar domhan ar fáil le brú cnaipe, ach tá an iomarca daoine ag déanamh gníomhaíochtaí mídhleathacha. Dar liom go gcaithfear teacht ar réiteach na faidhbe eo gan mhoill, nó beidh sé ródhéanach. Caithfimid ár ndícheall a dhéanamh, mar beidh sé ag goilliúint ár gcine daonna. Gan amhras ar bith, baineann maitheas agus donas leis na meáin chumarsáide sa lá atá inniu ann, agus fad is atáimid airdeallach ar an ábhar sin, beidh an domhan seo agus muidne leis ag dul ó neart go neart.

0 comments

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *